Tuesday 6 April 2010

An t-Earrach


An t-Earrach

Tá an t-Earrach linn a dhaoine uaisle. Thug mé an ceamara liom inniu agus mé amuigh ag spaisteoireacht faoin tuath. Tá an tír ina bheatha agus dearmad déanta aici ar an Gheimhreadh cruaidh a bhí againn. Shú mé an t-aer glan úr isteach fríd mo scamhóga agus chuir mé fáilte roimh an teas bog a bhí ag sileadh amach ón ghrian.
Tá mé ag léamh an leabhar 'Rogha Scéalta, Pádraic Ó Conaire' faoi láthair mar chuid d'feachtas Club Leabhar atá ar bun ag Conradh na Gaeilge. Cuireann Ó Conaire síos ar radharcanna an Earraigh go simplí sa chéad scéal ' Cuireadh'.

Cuireadh

Siúil uait liomsa, a chara na gcarad, amach faoi na beanna arda maorga, faoi choillte duiseacha giúise, thar shruthláin cheolmhara, le bruach linnte fuara sléibhe mar a gcónaíonn na mílte éanlaith; siúil uait liomsa mar tá an t-earrach ar fáil, tá na huain ag rince agus ag méiligh ar na bánta, an sú ag éiri i ngach luibh dá bhfásann, boige agus beatha i ngach gaoth a séideann, goradh geanúil ón ngréin, na spéartha lách cineálta i ndiaidh drochshíonta agus doicheall an gheimhridh . Chuir ort agus gluais liomsa......

siúlfaidh mé leatsa a Phádraic!